Wednesday, February 27, 2013

Tá Bewley’s Hotel, óstán clainne faoi úinéireacht lánghaelach, an-bhródúil as tacaíocht a thabhairt do “Sheachtain na Gaeilge”



Bewley’s Hotel, óstán clainne faoi úinéireacht lánghaelach, an-bhródúil as tacaíocht a thabhairt do “Sheachtain na Gaeilge”.

Fógraíodh Bewley’s Hotels, grúpa óstáin clainne i gcomhpháirtíocht  go hoifigiúil le Seachtain na Gaeilge ón 4-17ú Márta, 2013.
Beidh na ceithre Óstán i nDroichead na Dothra, Baile na Lobhar, Crosaire na Tailte Nua agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, ag tabhairt tacaíochta do Sheachtain na Gaeilge le spreagadh a thabhairt dá fhoireann oibre pé cúpla focail atá acu a úsáid go laethúil le cuairteoirí. Cuirfear céad míle fáilte chroíúil roimh na cuairteoirí agus má tá suim acu roinnt Gaeilge a fhoghlaim agus iad ag fanacht i Bewleys, cabhróidh an fhoireann leo roinnt abairtí as Gaeilge a chleachtadh.
Aistreofar  Biachlár Socruithe agus Biachlár Luath go Gaeilge don choicís ar fad le habairtí Gaeilge laethúil ionas go mbeidh na cuairteoirí i ndán triail a bhaint as ordú as Gaeilge. Ceannaítear earraí agus seirbhísí  ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí  gaelacha nuair is féidir, agus tugann na hÓstáin Brasserie tacaíocht do gach rud gaelach. Tá siad tiomanta le roghanna a thabhairt do chuairteoirí le suim acu I gcúlra a gcuid bia agus an tionchar ar an dtimpeallacht. Níl ach táirgí 100% inrianaithe le fáil i mbricfeasta cáiliúil Bewleys; an ‘An Bricfeasta 100% Gaelach’
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 4 - 17 Márta agus imeachtaí Gaeilge ar siúl timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin lena linn! Is ceiliúradh í ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge agus is cuma más cainteoir líofa tú, foghlaimeoir nua, má tá tú óg nó aosta, is féidir leatsa páirt a ghlacadh agus sult a bhaint as an teanga! Liosta imeachtaí ar www.snag.ie!
Tá Bewleys Hotel Group páirteach le grúpa Óstáin Moran & Bewley’s, an grúpa is mó faoi úinéireacht neamhspleách d'Óstáin in Éirinn agus Óstáin i mBaile Átha Cliath, Londain, Corcaigh, Manchain agus Leeds faoin a gcúram.
Tá na hóstáin go léir suite gairid do lár na cathracha agus na haerfoirt agus taobh le hionaid mhóra cultúrtha agus turasóireachta.  Is iad Óstáin Moran & Bewleys an rogha is fearr do thaisteal ar ghnó nó ar spraoi dá bharr san.

No comments:

Post a Comment